Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Píosa de scéal faoin am a scaoil Páidí Mhícheáil Áirt Ó Domhnaill James Carey ar bhád agus iad ar a mbealach na hAifrice. | 00:02:03 | |
Scéal Eoghain Pháidí Ó Domhnaill as Rann na Feirste. | 00:02:09 | |
Scéal iomlán agus cruinn faoin eisreachtach (outlaw) Ned Kelly. Ba as Tiobráid Árainn athair Ned Kelly (John Kelly) agus cuireadh go Tasmania é na phríosúin (Van Demon’s Land) nuair a cúisíodh é as fear a scaoileadh. Fuair sé seacht mbliana príosúntacht. Tógadh Ned san Astráil agus cuireadh na phríosúin é agus a uncail as a bheith ag gadaíocht ainmhithe. Fuair Ned trí mhí sa phríosún as beithíoch a ghoid. Nuair a fuair sé amach as an phríosún, ghoid sé féin agus cúpla fear eile deich míle punta as banc. Fuair a mháthair trí bliana sa phríosún as a bheith ag déanamh poitín. | 00:11:46 | |
Chuaigh Ned agus a dheartháir agus beirt fhear eile chun donais ar fad nuair a a cuireadh a mháthair na phríosúin. Cuireadh duais de ocht míle punta ar chloigeann Ned agus ní raibh ann ach ceist ama ar c’uair a bheirtí orthu. Dhúnmharaigh comrádaithe Ned fear darbh ainm Sherritt mar gur spídeoir a bhí ann. Tháinig an tóir ar Ned agus a chuid comrádaithe agus i ndiaidh uaireanna fada dá scaoileadh, loiteadh Ned agus cuireadh na phríosúin e. Fuarthas an triúr eile ina luí marbh mar gur ghlac siad nimh nuair a tháinig an teannadh orthu. Daoradh Ned Lekky chun báis in 1880 agus b’iad na focail deireannach a dúirt sé ná “Such Is Life”. | 00:17:28 | |